Cartlanna Gréasáin Pharlaimint na hEorpa
Cad atá i gceist le cartlannú gréasáin?
Caomhnaíonn cartlannú gréasáin ábhar gréasáin do na glúnta atá le teacht agus cuireann sé ar fáil don phobal é, fiú mura bhfuil sé ar fáil ar an suíomh gréasáin bunaidh a thuilleadh.
Leanann cartlannú doiciméad treoirlínte éagsúla — féach ‘Cá bhfaighidh mé rochtain ar chartlanna doiciméad?’.
Cá bhfaighidh mé rochtain ar chartlanna gréasáin Pharlaimint na hEorpa?
Déanann Parlaimint na hEorpa a suíomhanna gréasáin a chartlannú go rialta agus ag deireadh a dtréimhse úsáide, agus cuirtear ar fáil iad ar chartlanna gréasáin an Aontais. Caomhnaíonn an stór sin ábhar an tsuímh gréasáin ó institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais. Is féidir leat rochtain dhíreach a fháil ar:
- an liosta iomlán de shuíomhanna gréasáin Pharlaimint na hEorpa atá sna cartlanna
- suíomhanna gréasáin cartlannaithe maidir le hábhair shonracha amhail toghcháin agus éisteachtaí agus Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa
Cad atá sna cartlanna?
Déanann Parlaimint na hEorpa cartlannú ar ábhar an tsuímh gréasáin:
- lena mbaineann luach suntasach fadtéarmach polaitiúil, dlíthiúil, faisnéiseach, úsáideach, taighde, sóisialta, cultúrtha, stairiúil nó ealaíonta,
- a chomhfhreagraíonn do luachanna, misin agus sainorduithe na hinstitiúide,
- atá ábhartha do gheallsealbhóirí na hinstitiúide agus/nó don phobal i gcoitinne.
Cad iad na nithe nach bhfuil sna cartlanna?
- Suíomhanna gréasáin seachtracha
- Bunachair sonraí
- Ábhar dinimiciúil
- Na meáin shóisialta
- Suíomhanna atá cosanta ag pasfhocal
- Sruthú agus meáin in-íoslódáilte
Cén áit ar féidir liom rochtain a fháil ar chartlanna doiciméad?
Tá cartlanna doiciméad éagsúil le cartlanna gréasáin. Gabhann siad, ó thaobh trédhearcachta agus cuntasachta de, na doiciméid arna dtáirgeadh nó arna bhfáil ag an institiúid mar thacaíocht lena gníomhaíochtaí nó mar thoradh orthu.
Tá tagairtí i gclár poiblí doiciméad do dhoiciméid arna dtáirgeadh agus arna bhfáil ag Parlaimint na hEorpa ó mhí na Nollag 2001 i leith. Is féidir an chuid is mó do na doiciméid sin a íoslódáil ón suíomh gréasáin.
Chun cuimhne Pharlaimint na hEorpa a chaomhnú, stóráiltear sna cartlanna stairiúla doiciméid phoiblí arna gcruthú agus arna bhfáil ag an bParlaimint mar chuid dá gníomhaíochtaí agus dá misin. Athraíonn formáidí doiciméad ó théacsanna páipéir nó digiteacha go grianghraif, taifeadtaí fuaime nó físe.
An bhfuil cabhair uait?
Déan teagmháil leis an stiúrthóir gréasáin má tá tuilleadh faisnéise uait faoi chartlanna gréasáin Pharlaimint na hEorpa.